Friday 4 May 2012

National Famine Commemoration Poetry



The poem featured below will be read on Sunday 13 May as part of the National Famine Commemoration.  You will find both the Irish and English Translation of the poem.



Na Fataí Bána - Peatsaí Ó Callanáin

Mo mhíle slán do na fataí bána,
Ba subhach an áit a bheith in aice leo,
Ba fáilí soineanta iad ag tíocht chun láithreach,
Agus iad ag gáirí linn ar cheann an bhoird.

Ba chabhair don bhanaltra iad, don fhear is don gharlach,
Don lag is don láidir, don óg is don chríon,
Ach fáth mo dhocharna is ábhar m’angair,
Gur lobh na preátaí gan sioc ná síon.

Is é mo dhíobháil dheachrach, is mo ghalra dubhchroíoch,
Na fataí ag dúchan ins gach céard den domhan,
Na gais críon seargtha ón gcéad lá Lúnas’,
Gan bláth ná snua orthu ach mar bheadh faoi Shamhain.

Nach é seo an scéal docharnach ag tíocht an Fhómhair,
An t-údar bróin dúinn agus briseadh croí,
An bheatha a chleachtamar i dtús ár n-óige.
Bheith lofa dreoite gan mhaith gan bhrí.




No comments:

Post a Comment